Comhlachtaí ina gCeannródaithe in Ábhair Nua atá á Úsáid san Airbus A-380 "Super-Jumbo"

06 July 2008

-CTL Tástáil Teo agus Éirecomposites Teo le Páirt a Ghlacadh i Seó Aeir Pháras an tSeachtain seo Chugainn-

Ráiteas Nuacht Dé Céadaoin, 8Ú Meitheamh, 2005

Nuair a nochtfar an t-eitleán nua le 550 suíochán de chuid Airbus, an A-380, an tseachtain seo chugainn ag Seó Aeir Pháras, beidh a gcuid féin déanta ag dhá chomhlacht Gaeltachta i bhforbairt an oll-eitleáin nua seo.

Is ceannródaithe iad CTL Tástáil Teo. agus Éirecomposites Teo., comhlachtaí atá lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe, sna h-ábhair nua éadtroma as a déantar suas do 25% de struchtúr an "super-jumbo" nua seo.

Tugtar "ábhair cumaisc" ar phlaisteachaí atá treisithe le snáithíní carbóin nó gloine, agus tá na h-ábhair seo chomh láidir le cruach, ach iad cúig n-uaire níos éadtroime. Tá árdú cuimsitheach ag teacht ar an úsáid a bhaintear as na h-ábhair cumaisc seo i scáird-eitleáin na linne seo, agus táthar á thuar go mbeidh ós cionn 50% de struchtúr na h-eitleáin móra amach anseo déanta as ábhair cumaisc in ionad aluminium. Sabháilfear breosla agus beidh taisteal níos compórdaí ag paisinéirí dá bharr.

Tá tástáil déanta ag CTL Tástáil Teo., sa Spidéal, Co. naGaillimhe, ar pháirteanna de sciatháin an eitleáin nua, an A380, le déanamh cinnte go bhfuil siad sabháilte le dul ar an eitleán.


Tá CTL agus a deirfiúr-chomhlacht Éirecomposites Teo., atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, páirteach freisin i dtogra mór taighde, atá urraithe ag an Aontas Eorpach, a chosnaíonn €100 Million, le sciatháin nua déanta go h-iomlán as ábhair cumaisc a dhearadh agus a fhorbairt. Tá 60 chomhlacht ar fud na h-Eorpa páirteach sa togra seo, agus is iad CTL agus Éirecomposites na h-aon comhlachtaí Éireannacha atá páirteach ann.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin " Léiríonn rannpháirtíocht CTL agus Éirecomposites Teo. i dtogra Airbus ard-chaighdeán agus saineolas an ghrúpa in ábhair cumaisc. Tá muid an-sásta tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí ard-teicneolaíochta mar seo sa Ghaeltacht mar go gcuireann said deiseanna fostaíochta ard-chaighdeán ar fáil do phobal óg ardoilte agus ard-cháilithe na Gaeltachta ina gceantar féin."

Beidh an dá chomhlacht páirteach i Seó Aeir Pháras ag Le Bourget, an tseachtain seo chugainn. Beidh CTL agus Éirecomposites páirteach i seastán atá eagraithe ag Fiontar Éireann, chomh maith le comhlachtaí eile Éireannacha atá baint acu le cúrsaí eitleoireachta.

composite material, composite testing ,composites testing, composite materials testing, 
composite material testing, composites materials testing, composites material testing, 
testing services, testing laboratory, testing services, ireland, carbon fibre, aerospace testing, 
aerospace materials, wind energy materials, wind energy testing, automotive materials, 
automotive testing, mechanical testing, static testing, fatigue testing, plastics testing, 
adhesives testing, polymer testing

Search Our Site

Subscribe to our
free Newsletter

First Name
Last Name
Email Address
 


 


 

 

 

 

Home | Profile | Facilities | Testing | Clients | Contact Us | Site Map |
Tell a Colleague
| Bookmark this Site | Careers


Composites Testing Lab. Ltd,
An Choill Rua,
Indreabhán
Co. Galway,
IRELAND


Ireland: Email:testing@compositestestinglab.com Tel:+353-91-505430 ,
Fax: +353-91-505432

UK: E-mail: mike@compositestestinglab.com Tel: + 44 (0)117 9518296,
Fax: +44 (0)117 9519535.

Website Design by Digital Active