Click here to request a quotation....>>>>

News Latest Press Releases

06 September 2008

Conradh ón Áisínteacht Spáis Eorpach (ESA) Faighte ag Comhlacht sa Spidéal

Buann CTL Tástáil Teoranta Conradh le Tástáil a Dhéanamh ar Ábhair Nua do Theilgeoirí Spáis

Tá comhlacht sa Spidéal tar éis conradh suntasach a fháil ón Áisínteacht Spáis Eorpach (European Space Agency, ESA) chun iniúchadh a dhéanamh ar ábhair nua treisithe le snáithíní-carbóin, a bhéas á úsáid i bhfeithiclí spáis amach anseo.

Tá deichniúr ag obair sa chomhlacht, CTL Tástáil Teoranta, atá lonnaithe in Eastáit Údarás na Gaeltachta i mBaile an tSagairt, sa Spidéal. Tá triúr eile fostaithe ag deirfiúr-chomhlacht sa bhfoirgneamh céanna, ar a dtugtar Ábhair Cumaisc Teoranta, agus beidh siadsan páirteach sa chonradh nua le ESA freisin.

Is éard atá i gceist sa chonradh ó ESA ná tástáil a dhéanamh ar phróiséas déantúsaíochta nua d'ábhair cumaisc téarmaplaisteacha treisithe le snáithíní carbóin. Is é aidhm an togra ná costas na tancannaí móra artúir (breosla) a úsáidtear ar na teilgeoirí spáis ar nós Ariane, a ísliú.

Déanfar tástáil meicniúil agus próiseáil ar an ábhair nua seo sa Spidéal as seo go ceann bliain go leith. Is féidir táirgí a dhéanamh i bhfad níos tapúla agus níos saoire leis na h-ábhair nua téarmaplaisteacha seo, i gcomparáid leis na h-ábhair atá ann faoi láthair, agus tá airí meicniúla agus timpeallachta níos fearr acu freisin.

D'fháiltigh Stiúrthóir Bainistíochta an chomlacht, An Dr. Conchúr Ó Brádaigh, leis an gconradh ó ESA, agus dúirt sé gur thaispeáin sé go raibh CTL Tástáil Teo. ar cheann de na comhlachtaí taighde agus forbartha is mo le rá san Eoraip sa réimse seo d'ábhair éadtroma treisithe le snáithíní carbóin.


Dúirt Pádraig Ó hAoláin LPF/Forbairt Réigiùnach ar son Údarás na Gaeltachta gur aitheantas é an conradh seo ó Áisíneacht Spáis na hEorpa don ardchaighdeán saineolais atá ag an gcomhlacht beag Gaeltachta seo.

Tuilleadh Eolais:
An Dr. Conchúr Ó Brádaigh, Stiúrthóir Bainistíochta, CTL Tastáil Teo: 086 283 0452; (091) 504 777
Pádraig Ó hAoláin, LPF/Forbairt Réigiùnach, Údarás na Gaeltachta: (091) 503 104


Nótaí:
Soláthraíonn CTL Tástáil Teoranta seirbhísí teastaithe tástáil meicniúil agus fisiciúil do chomhlachtaí ábhair cumaisc ar fud na h-Eorpa. Is é CTL an t-aon comhlacht neamhspleach san Aontas Eorpach a dheanann tástáil teastaithe ar ábhair cumaisc. Seasann na litreacha CTL do "Composites Testing Laboratory", agus is comhlacht é a d'eascair as Ollscoil na h-Éireann, Gaillimh. Is iad na margaidh is mó atá ag CTL Tástáil Teoranta ná i réimsí aerospáis, cumhacht-gaoithe (eiteogaí), carrannaí, Formula 1 agus timpeallachta.

Is ábhair an-éadtrom, ach le h-árd airí iad ábhair cumaisc, agus go hondúil bíonn siad treisithe le snáithíní carbóin nó gloine. Bhéadh ábhar cumaisc treisithe le snáithíní carbóin suas le 5 n-uaire níos righne agus níos láidre ná cruach, nuair a thomhaistear iad ar bhonn an meachan céanna, i.e. Kg in aghaidh Kg.

 

 

 

composite material, composite testing ,composites testing, composite materials testing, 
composite material testing, composites materials testing, composites material testing, 
testing services, testing laboratory, testing services, ireland, carbon fibre, aerospace testing, 
aerospace materials, wind energy materials, wind energy testing, automotive materials, 
automotive testing, mechanical testing, static testing, fatigue testing, plastics testing, 
adhesives testing, polymer testing

Search Our Site

Subscribe to our
free Newsletter

First Name
Last Name
Email Address
 


 


 

 

 

 

Home | Profile | Facilities | Testing | Clients | Contact Us | Site Map |
Tell a Colleague
| Bookmark this Site | Careers


Composites Testing Lab. Ltd,
An Choill Rua,
Indreabhán
Co. Galway,
IRELAND


Ireland: Email:testing@compositestestinglab.com Tel:+353-91-505430 ,
Fax: +353-91-505432

UK: E-mail: mike@compositestestinglab.com Tel: + 44 (0)117 9518296,
Fax: +44 (0)117 9519535.

Website Design by Digital Active